I gCill Ó Laoch ar bhruach theas Loch Cuan i gCo an Dúin a rugadh Tomás Ó Monacháin ar an 22 Márta 1927. Nuair a bhí sé ceithre bliana d’aois, bhog sé féin, a dheartháir, Joe agus a thuismitheoirí, Molly agus James isteach go Béal Feirste i 1932. Rinne siad cónaí ar dtús i gceantar íochtar na bhFál.
Bhí sé ina rúnaí ar Chumann Chluain Ard, cumann sóisialta agus foghlama lán-Ghaeilge, neamhpholaitiúil, i gceantar íochtar na bhFál a chur polasaí láidir Gaeilge i bhfeidhm ó 1953. Theagasc Tom an Ghaeilge do na céadta a tháinig chuig na ranganna ansin, as gach áit sa chathair agus taobh amuigh di.
I ndiaidh sé bliana de chaint faoi, i 1969 shocraigh Tomás agus grúpa de theaghlaigh Ghaeilge Bhéal Feirste scéim úrnua tithe a thógáil a bheadh go hiomlán i nGaeilge. Bhí ocht dteach san iomlán ar Bhóthar Seoighe, an chéad Ghaeltacht uirbeach le 100 bliain. I 1971 bunaíodh Bunscoil Feirste – an chéad bhunscoil Ghaeilge ariamh sna sé chontae.
I 1973 d’aistrigh Tomás agus a chlann go Gaoth Dobhair lena gclann a thógáil i nGaeltacht Thír Chonaill. Bhí sé ina bhall den ghluaiseacht teanga Cearta Gael ansin, feachtas a d’éiligh cearta teanga sna cúirteanna agus Gaeilge amháin ar chomharthaíocht bóthair sa Ghaeltacht.
Cailleadh Tomás Ó Monacháin ar an 7ú lá de mhí Lúnasa in 2023. Fear léannta umhal ab ea é, a roinn a chuid eolais go fial agus a sheas an fód go misniúil ar son cearta teanga na nGael.

