Sean-Nós na Fearsaide

Seoladh Sean-Nós na Fearsaide in 2014 agus déanann sé traidisiún amhránaíocht dúchais sean-nóis na hÉireann a cheiliúradh agus a chur chun cinn. Cinntíonn ár bhféile go bhfanann an traidisiún seo beo agus folláin i mBéal Feirste.

Déanann ár bhféile an traidisiún a chothú trí chomórtais amhránaíochta, ceol, ceardlanna, agus imeachtaí sóisialta.

Ciallaíonn ár gcomhpháirtíocht le hOireachtas na Gaeilge gur againne atá an t-aon fhéile in Éirinn a óstálann gach bliain buaiteoirí dhuais cháiliúil Chorn Uí Riada a aithnítear ar fud an domhain.

Bíonn léirithe amhránaíochta, ceol, damhsa, scéalaíocht, lúibíní, agus agallamh beirte ann le cuid de bhuaiteoirí agus d’iarbhuaiteoirí phríomhchomórtais an Oireachtais, agus aíonna as gach cearn den tír i láthair.

Físeáin

Comórtais amhránaíochta

Déardaoin 29.02.2024 @10:30in

Corn an Oireachtais (comórtas chóir na mbunscoileanna)

An Satharn 02.03.2024

Corn Mhic Reachtain (faoi bhun 12 bliain d’aois) @10:30rn

Corn Cuimhneacháin Thomáis Uí Mhonacháin (12 – 15 bliain d’aois) @12:00in

Corn Cuimhneacháin Sheáin Mhic Aindreasa (15 – 18 bliain d’aois) @1:30in

Corn Cuimhneacháin Mhéabh Uí Chriagáin (os cionn 18 bliain d’aois) @3:00in

Gheobhaidh buaiteoirí na gcomórtas aonair iontráil saor in aisce don chomórtas cuí ag Oireachtas na Samhna.

Márta

29Fea(Fea 29)1:00 in02Már(Már 2)11:59 inSEAN-NÓS NA FEARSAIDEamhránaíocht, ceol, damhsa

02Már(Már 2)5:15 in03(Már 3)2:00 rnOíche AirneáilOíche Airneáil

Comórtais | An Satharn 02.03.2024

Oíche Airneáil | Ceannaigh ticéid ANSEO!

  • Oíche Airneáil

    £5.00

    Is ócáid faoi leith í Oíche Airneáil Shean-Nós na Feasraide. Bíonn togha agus rogha na n-amhránaithe, damhsóirí agus ceoltóirí amuigh i láthair le léirithe ar ardchaighdeán ag cuid bhuaiteoirí agus d’iarbhuaiteoirí phríomhchomórtais an Oireachtais, an buaiteoir reatha agus cuid d’iarbhuaiteoirí Chorn Uí Riada ina measc, mar aon le aithriseoireacht, lúibíní, agallamh beirte, agus ceol beo. Ná caill í.