Caifé ceolmhar fáilteach faoi scáth Bheann Mhadagáin atá i gceist leis an Chaifé Ghaelach seo.
Tá an caifé suite ar bhóthar Aontroma san Ionad Gaeilge Áras Mhic Reachtain. Osclaíodh an caifé i Mí Iuil 2022. Cuirtear an Ghaeilge agus an ceol dúchasach chun cinn san ionad agus sa chaifé seo.
Cuirtear fáilte roimh achan duine sa chaifé seo, má tá Gaeilge agat nó mura bhfuil Gaeilge agat, gheobhaidh tú fáilte croíúil ar aon nós.
Bíonn ceol i gcónaí le cloisteáil sa chaifé agus is minic a bhíonn seisiúin ar siúil fosta, ar a laghad, uair sa tseachtain.

