Seán Ó Muireagáin, Réaltán Ní Leannáin, Art Hughes, Máire Burns, Padaí de Cléir, Gráinne Holland, agus ceoltóirí eile.
AN AOINE 03 AIBREÁN | 03.04.26
8:00IN
Beir Buidéal leat.
‘Béal Feirste Cois Cuain — cathair na nGael is na nGall, cathair an tsaibhris agus na boichtineachta, cathair an ghrá agus na gruaime’: b’shin an chuir síos a bhí ag an scéalaí Liam Mac Carráin ar a chathair dhúchais.
Sa tionscadal ilmheánach seo pléitear Béal Feirste tríd an phrós, an bhfilíocht, an ghrianghrafadóireacht, an ealaín agus an ceol.
Beidh íomhánna leis an ngrianghrafadóir Feirsteach Colm Mac Aindreasa agus grianghraif chartlainne á dteilgean ar scáileán, an dearthóir Margaret Lonergan a bheidh i mbun an léirithe. Seinnfidh Gráinne Holland agus ceoltóirí eile amhráin a bhfuil baint acu le Béal Feirste.