Huartan
Ó 2023 i leith, tá an banna ‘tradtronica’ Huartan, atá lonnaithe i mBéal Feirste, ag cur beatha nua isteach i seanfhocail agus amhráin. Tá triúr cheoltóirí tráidisiúnta páirteach san ensemble bríomhar seo: Catriona Ní Ghribín, Múlú, and Stiofán Ó Luachrain, a fheidhmíonn mar léiritheoir an bhanna chomh maith. Is í an comhfhís atá acu ná traidisiúin amhránaíochta béil, cultúir agus teanga dhúchais Uladh a chur os comhair an lucht éisteachta comhaimseartha arís. Tá taispeántas beo Huartan mealltach agus osnádúrtha, le feisteas agus damhsóirí atá lán fuinnimh agus atá ina shamhail de shíogaí/ ilchruthaigh a bheith i láthair. In ath-shamhlú spraíúil agus léiritheach ar Éirinn phágánach, cuireann gach príomhbhean Huartan gné de dhéacht chun tosaigh – solas agus dorchadas, saol agus bás – agus an gaol teannasach eatarthu.
DEARG
Is grúpa ceoil leictreonach é DEARG ón Sean Phobal i nGaeltacht na nDéise (Co. Phort Láirge) le Morgan de Móinbhíol i gcroílár an togra mar léiritheoir ceoil agus drumadóir, agus le hEoin McNamara ar an mhéarchlár agus ina léiritheoir ceoil. Bí ag dúil le meascán maithe de gach sórt ceoil leictreonach bríomhar agus nua aimseartha mar aon le meon Gaelach agus liricí Gaeilge. Ná cailligí DEARG ag seinm beo mar chuid de Scoil Samhraidh Mhic Reachtain!

