Home » CEOL SA DÚCHAS

CEOL SA DÚCHAS

AN AOINE 25.07.25

by eoin

AN AOINE 25.07.25

8:30in (doirse 8:00in)

SSMR | Scoil Samhraidh Mhic Reachtain

Ceolchoirm ar leith le ceol na nGael á bheoléiriú ag

  • NODLAIG NÍ BHROLLAIGH
  • MÁIRTÍN Ó CATHÁIN
  • PÓL MAC GIOLLA EASPAIG
  • AFFRAIC BROPHY
  • CARRA NIC AN BHAIRD

Agus ceol nua, seoladh albaim agus leabhar nua le

  • DOIMNIC MAC GIOLLA BHRÍDE,
  • FRANCES MORTON
  • ÉANNA Ó CRÓINÍN
  • TOMÁS MAC SEÁIN
  • SARAH CULLEN

BEIR BUIDÉAL LEAT.

Nodlaig Ní Bhrollaigh

Is amhránaí agus ceoltóir as Dún Geimhin í Nodlaig Ní Bhrollaigh a fuair saibhreas ceoil traidisiúnta agus tíre le hoidhreacht óna tuismitheoirí, amhránaithe clúiteacha, Anne agus Francie. Agus í oilte go clasaiceach, chuaigh Nodlaig ar camchuairt ar fud an domhain ag seinm le ceoltóirí mór le rá ar nós Phil Coulter agus an San Diego Symphony Orchestra. Beidh ceoltóirí den scoth ó Iarthuaisceart na hÉireann ag seinm in éineacht le Nodlaig – Martin Ó Catháin (fidil), Pól Mac Giolla Easpaig (píobaí/ dordveidhil) Affraic Brophy (fidil) & Carra Nic an Bhaird (cruit).

Mar ghrúpa, sheinn siad ag ‘Trad Week’ i Leitir Ceanainn, Ionad Cultúrtha Ghleann na Ró, An Coire ag An Carn agus beo ar Blas Ceoil, BBC Uladh agus BBC Raidió a 3.

Is é ‘Cuimhní Rúnda’ an dara halbam aonair de chuid Nodlaig agus is aistear é tríd na tréimhsí agus na háiteanna a spreag a ceol le fiche bliain anuas. Bhí ‘Cuimhní Rúnda’ roghnaithe mar albam na seachtaine ar lyric fm.

Ó na cuimhní cinn atá i bhfolach i ndoimhneacht an tSúiligh, go dtí lorg cheol an cláirsí ársa i nGleann Rua atá le cloisteáil in Albain, go dtí na heisimircigh ag fágáil a rian ag barr an Charn, go dtí an íomháú ealaíonta de Narnia ag Cearnóg CS Lewis

An rún leis an bhailiúchán seo de bhunshaothair ná le cur lenár dtuiscint ar áit agus ar oidhreacht agus leis an chuairteoir a mhealladh chun taithí a fháil ar na háiteanna seo ina bhfuil áilleacht rúndiamhair agus seanchas.

Gealach na gCuanta

Albam nua le Doimnic Mac Giolla Bhríde

Seolfaidh Doimnic Mac Giolla Bhríde a albam nua, Gealach na gCuanta, mar chuid den oíche cheoil thraidisiúnta ar leith seo in Áras Mhic Reachtain. In éineacht le Doimnic (glór agus piano) beidh sár-cheoltóirí mór le rá eile, Frances Morton (feadóg mhór), Éanna Ó Cróinín (píb uilleann), Tomás Mac Seáin (vióla), agus Sarah Cullen (dord).

Cuirfear an t-albam ceoil féin ar fáil ar Bandcamp ach tá leabhar galánta fán cheol agus ar chúlrá an cheoil le fáil mar chuid den phacáiste albaim.

No product found

Related Articles