Léiriú ilteangach ar shaothar an fhile Phalaistínigh Marwan Makhoul. ‘Guth atá ionamsa,’ a deir an file Marwan Makhoul faoina shaothar, ‘a insíonn don phobal faoina bhféiniúlacht, agus a bhfuil déanta againn chun an fhéiniúlacht sin a chaomhnú, mar Phalaistínigh, mar Arabaigh’.
Palaistíneach ab ea a athair agus Liobánach a mháthair. D’fhás sé suas in Beqeia agus é timpeallaithe ag na sléibhte, tírdhreach a fhaightear go rábach ina chuid filíochta. Palaistíneach é ina chónaí in Iosrael, baineann a chuid filíochta le himeallú na saoránach Arabach ann, agus le ceisteanna féiniúlachta pearsanta agus náisiúnta. Ní dóigh leis go bhfuil foirmeacha dochta próis is filíochta ann níos mó agus tarraingíonn a shaothar as gnáthchaint na ndaoine chomh maith le foirmeacha diamhra den teanga. Is geall le cantaireacht a bhíonn ar siúl aige agus é ag aithris a chuid filíochta, agus is minic amhránaithe agus ceoltóirí á thionlacan.
I gcaitheamh an chogaidh in Gaza, 2023, bhain lucht agóide ina milliúin leas as dán leis ar fhallaí cathrach ar fud an domhain: ‘ chun go scríobhfainnse filíocht nach filíocht pholaitiúil í/ ní mór dom éisteacht leis an éanlaith/ agus chun an éanlaith a chlos / caithfidh na heitleáin chogaidh a bheith ina dtost’.
Beidh Marwan féin ag léamh as Araibis; leaganacha Gaeilge le Eibhlís Carcione, Louis de Paor, agus Áine Uí Fhoghlú; agus leaganacha Béarla le Raphael Cohen. Beidh ceol beo ann leis an chumadóir Seán Mac Erlaine agus teilgfidh Margaret Lonergan íomhanna ar scaileán. Arna léiriú ag IMRAM Féile Litríochta Gaeilge.

