Home » CÁIS, CEOL, ‘s ÓL | FÉILE EALAÍON IDIRNÁISIÚNTA BHÉAL FEIRSTE

CÁIS, CEOL, ‘s ÓL | FÉILE EALAÍON IDIRNÁISIÚNTA BHÉAL FEIRSTE

FÉILE EALAÍON IDIRNÁISIÚNTA BHÉAL FEIRSTE

by eoin
An Aoine 18.10.2024 7in – 10in (Doirse 6:30in – ceol agus bia á soláthar ar buille a 7in!) Tá lúcháir orainn a fhógairt go gcuirfear an oíche chultúrtha faoi leith ar siúl mar chuid de Fhéile Ealaíon Idirnáisiúnta Bhéal Feirste, a bhéarfaidh blaiseadh beag den rogha is fearr comhábhair, bia, agus ceol Gaelach.  Cuirfear greamanna blasta bia ceithre chúrsa ar fáil agus beidh scoth an cheoil thraidisiúnta á bheo-léiriú i rith an ama ag sárcheoltóirí, Cíara Ní Tháth (cláirseach), Fióna Ní Mhearáin (feadóg mhór), agus Lorraine Ní Bhriain (consairtín). Costas: £36 an duine le haghaidh ceithre chúrsa de ghreimíní blasta ullmhaithe ag chócaire Chaifé Ceoil, Ciarán Ó Cruadhlaoic, le cois táille corcáiste agus ceol Gaelach ar feadh an tráthnóna. Beir buidéal leat. Níl ach 30 spás ar fáil! Moltar spás/tábla a chur in áirithe go luath!  
No product found

Related Articles