Home Events IMMRAM

IMMRAM

le:

by eoin

IMMRAM

le:

  • EITHNE NÍ CHATHÁIN
  • EILÍS LAVELLE 
  • LUCIA MACPARTLIN
  • NEIL Ó LOCHLAINN

& Tacaíocht le ceoltóirí áitiúla

AN LUAN 29.07.24

8:00in (doirse 7:30in)

SSMR | Scoil Samhraidh Mhic Reachtain

Is cóiriú ar son ensemble aireagail agus amhránaí sean-nóis é Immram a chuimsíonn sraith dánta le Nuala Ní Dhomhnaill a foilsíodh de chéad uair i gcnuasach dá cuid, Feis (in 1991). Choimisiúnaigh an Amergin Solstice Poetry Gathering Neil Ó Lochlainn le foinn a chur leis na dánta siúd. Tá meascán de cheol sean-nóis, snagcheol, agus de cheol  comhaimseartha clasaiceach trí chéile le sonrú ann, agus sin á léiriú ag cuid de na ceoltóirí is spreagúla agus is cumasaí dá bhfuil le fáil i saol an cheoil Ghaelaigh na laethanta seo.

Don léiriú áirithe seo mar chuid d’fhéile Scoil Samhraidh Mhic Reachtain léireoidh Eithne Ní Chatháin (amhránaíocht), Eilís Lavelle (cláirseoireacht), Lucia MacPartlin (ar an fhidil), agus, an cumadóir Neil Ó Lochlainn (fliúit agus dord), rogha ar leith píosaí de chuid na sraithe sin.

 

  • IMMRAM

    £12.00

    Is cóiriú ar son ensemble aireagail agus amhránaí sean-nóis é Immram a chuimsíonn sraith dánta le Nuala Ní Dhomhnaill a foilsíodh de chéad uair i gcnuasach dá cuid, Feis (in 1991). Choimisiúnaigh an Amergin Solstice Poetry Gathering Neil Ó Lochlainn le foinn a chur leis na dánta siúd. Tá meascán de cheol sean-nóis, snagcheol, agus de cheol  comhaimseartha clasaiceach trí chéile le sonrú ann, agus sin á léiriú ag cuid de na ceoltóirí is spreagúla agus is cumasaí dá bhfuil le fáil i saol an cheoil Ghaelaigh na laethanta seo.

Related Articles