Home » FiTe FuAiTe | @SSMR25

FiTe FuAiTe | @SSMR25

SATHARN 27.07.24

by eoin

IMLÉ (CIAN MacCÁRTHAIGH, RÓISÍN SEOIGHE, NEIL Ó BRIAIN, & JAMES SHANNON) GROOVELINE CIGIRE NA Bpuntaí + BUILLÍ LE CEIRNEOIRÍ FITE FUAITE SATHARN 27.07.24 8:30IN | BB | BYO TICÉID £15

IMLÉ

Trip-hop, rac-cheol, ceol leictreonach, indie agus damhsa á léiriú trí Ghaeilge ag grúpa de na buíon cheoil is nuálaí in Éirinn.

Is buíon cheoltóirí faoi stiúir an cheoltóra agus léiritheora Cian MacCárthaigh IMLÉ agus bíonn ceoltóirí éagsúla ag casadh agus ag taifeadadh leo an t-am ar fad. Bíonn sé i gcónaí de rún acu stíleanna éagsúla ceoil a mheascadh lena chéile agus rudaí éagsúla nuálacha a léiriú trí Ghaeilge.

Do FITE FUITE @SSMR25 is iad Cian Mac Cárthaigh, Róisín Seoighe, Neil Ó Briain agus James Shannon a bheas ar ardán Bharr a’ Tí in Áras Mhic Reachtain.

GROOVELINE

Tá fuaim faoi leith ag GrooveLine, ceol funk le ceol uirlise láidir agus teacht i láthair iontach, bríomhar ag an mbanna le seó beo den chéad scoth ar stáitse. “Is as cúlra ceoil an-éagsúil ar fad iad GrooveLine, is seisreád il-seánra iad a chumann ceol den scoth i mbealach iontach réabhlóideach agus draíochtúil le focail a chuirfidh faoi gheasa thú. Deirtear go bhfuil a dtaispeántais thar a bheith ilghnáthach, ag nascadh rac-cheol le séis-cheol eile chun taispeántas beo thar a bheith taitneamhach a chur le chéile’’ – Hot Press Magazine

CIGIRE NA bPUNTAÍ

 

Is togra nua agus grúpa ceoil tradtronica nó trad-leictreonach é Cigire na bPuntaí a chuimsíonn Robert Ó Maoilchiaráin (Rob Mulhern), Hannah Rua, Éanna Ó Cróinín agus Cathal Ó Curráin. I ndiaidh do Chigire na bPuntaí an ceol úrnua s’acu a léiriú ag Féile na Gealaí ar na mallaibh tá muidne ar bís go mbeidh an seit s’acu á léiriú i mBarr a’ Tí mar chuid de Fite Fuaite @SSMR25.

NÁ CAILL AN CHEOLCHOIRM SEO!

Related Articles