1.8K
An Aoine 26 Aibreán
8:30in (Doirse 8:15in)
£12.50
Téacs iontach ón Meánaois é Buile Shuibhne ina suíonn prós agus filíocht le chéile. Cuireann Rónán, cleireach, mallacht ar rí Ultach, Suibhne, agus téann an rí bocht le craobhacha. Is éan nó leathéan é dar leis agus canann sé duanta buile faoina chuid trioblóidí go léir nó é ag moladh an dúlra gan staonadh. Sa léiriú drámata seo tá leaganacha nua i nGaeilge agus i Gàidhlig ó Rody Gorman, chomh maith le ceol beo leis an chumadóir Seán MacErlaine agus an t-amhránai Diane Ní Chanáinn, agus teilgfidh Margaret Lonergan íomhánna ar scáileán mór.
Tacaíocht le ceoltóirí áitiúla.

