1.2K
LE TITIM AMACH IN ÁRAS MHIC REACHTAIN
AN AOINE 01 NOLLAIG
CUMANN CULTÚRTHA MHIC REACHTAIN I gCOMHAR LE hOLLSCOIL ULADH.
TUILLEADH LE FÓGAIRT.
Ollscoil Uladh i gComhar le Cumann Cultúrtha Mhic Reachtain a bhunaigh Éigse Loch Lao in 2010 chun léann agus litríocht na Gaeilge a cheiliúradh agus a bhuanú i gcathair Bhéal Feirste trí imeachtaí léannta agus sóisialta a thionscnamh ar bhonn bliantúil. Is as an dán sean-Ghaeilge a cumadh os cionn Loch Lao a baisteadh an Éigse. I measc na dtéamaí a clúdaíodh ar na mallaibh tá:
- An Ghaeilge sa chóras scolaíochta
- Na meáin Ghaeilge
- Litríocht Oirialla
- Stair agus Oidhreacht Chlann Mhic Grianna
- Drámaíocht na Gaeilge
- An Reachtaíocht Teanga


