Home Ceol FiTe FuAiTe

FiTe FuAiTe

AOINE 27.10.23 | 8:30in

by eoin

FÉILE EALAÍON IDIRNÁISIÚNTA BHÉAL FEIRSTE

Is grúpa ceannródaíoch i ngluaiseacht an nuacheoil Ghaelaigh é Bréag a bheadh mar chuid den dúrud clár féilte thar na blianta, i gcuideachta ceoltóirí mór le rá, The Wailers, Shane McGowan, Alabama 3, Manu Chao agus Bad Manners ina measc.

Tá lucht leanúna dílis cruthaithe ag Boss Sound Manifesto ag a gcuid gigeanna cois cuain agus in áiteanna eile. Thug siad tacaíocht do leitheidí Neville Staples, agus Lee Scratch Perry & The Upsetters le blianta beaga anuas.

Le SÚIL AMHÁIN cluinfear an file agus rapadóir tréitheach Ciarraíoch Séamus Barra Ó Súilleabháin, a radann liricí géarchúiseacha go spreagúil don lucht éisteachta, agus léiritheoir ceannródaíoch Robert Mulhern a chruthaíonn agus a mheascann buillí nuálacha leictreonacha hip-hop, druma ‘s dord le samplacha ón raidió.

SÉiMÍ agus TERRAPLEN MC – Gael as Béal Feirste agus rapadóir as Meicsiceo a bhfuil ceol agus E.P. úrnua le beoléiriú de chéad uair riamh acu ag FiTe FuAiTe / F.E.I. Bhéal Feirste.

TICÉID £12.50 – AR FÁIL ANSEO > https://rb.gy/r3e8w

Related Articles