Home Imeachtaí Sean-Nós na Fearsaide

Sean-Nós na Fearsaide

by eoin

Sean-Nós na Fearsaide | Déardaoin 29 Feabhra – Satharn 02 Márta 2024.

Seoladh Sean-Nós na Fearsaide in 2014 agus déanann sé traidisiún amhránaíocht dúchais sean-nóis na hÉireann a cheiliúradh agus a chur chun cinn. Cinntíonn ár bhféile go bhfanann an traidisiún seo beo agus folláin i mBéal Feirste.

Déanann ár bhféile an traidisiún a chothú trí chomórtais amhránaíochta, ceol, ceardlanna, agus imeachtaí sóisialta.

Ciallaíonn ár gcomhpháirtíocht le hOireachtas na Gaeilge gur againne atá an t-aon fhéile in Éirinn a óstálann gach bliain buaiteoirí dhuais cháiliúil Chorn Uí Riada a aithnítear ar fud an domhain.

Bíonn léirithe amhránaíochta, ceol, damhsa, scéalaíocht, lúibíní, agus agallamh beirte ann le cuid de bhuaiteoirí agus d’iarbhuaiteoirí phríomhchomórtais an Oireachtais, agus aíonna as gach cearn den tír i láthair.

Related Articles