Home » Scoil Samhraidh Mhic Reachtain ar ais arís in Áras Mhic Reachtain

Scoil Samhraidh Mhic Reachtain ar ais arís in Áras Mhic Reachtain

by eoin
Tá áthas an domhain orainn a fhógairt go mbeidh an fhéile, Scoil Samhraidh Mhic Reachtain ar ais in Áras Mhic Reachtain i mbliana. Bhí an fhéile ar siúl ar líne amháin le dhá bhliain anuas ach beidh an Cúrsa Gaeilge agus na himeachtaí uilig ar ais go fisiciúil in Áras Mhic Reachtain i mbliana. Ina theannta sin, beidh an fhéile ag titim amach thar thréimhse coicíse i mbliana. Spréifear na himeachtaí uilig thar threimhse choicíse le cúrsa Gaeilge, ceolchoirmeacha, cainteanna, ceardlanna eagsúla agus neart eile ar fáil.

Cúrsa Gaeilge

Beidh dhá Chúrsa Gaeilge ar fáil i mbliana. Seachtain 1 – 18ú – 22ú Iúil                    Seachtain 2 – 25ú – 29ú Iúil Beidh ceithre leibhéal ar fáil:
  • Bunrang
  • Meánrang Íoctarach
  • Meánrang Uachtarach
  • Ardrang
Beidh ceithre rang ann in aghaidh an lae idir 10am-4pm Luan go hAoine.
  • Rang 1 10.00am – 11.00am
  • Sos
  • Rang 2 – 11.30 – 12.30pm
  • Lón
  • Rang 3 – 1.30pm – 2.30pm
  • Sos
  • Rang 4 – 3.00pm – 4.00pm
Beidh costas £50.00 ar sheachtain amháin. Más maith leat freastal ar an dá sheachtain, déan teagmháil linn agus socrófar lacáiste. Is féidir clárú agus íoc ar an nasc thíos. Scoil Samhraidh Mhic Reachtain – Cumann Cultúrtha Mhic Reachtain Má tá tuilleadh eolais de dhíth ort, ná bíodh drogall ort teagmháil a dhéanamh linn ar eolas@mhicreachtain.com nó 02890749688

Related Articles

Leave a Comment