Cúrsa Gaeilge – Luan 26 Iúil – Aoine 30 Iúil
Is cúrsa é seo do dhaoine atá ag iarraidh Gaeilge a fhoghlaim nó do dhaoine atá ag iarraidh snas agus forbairt a chur ar a gcuid Gaeilge. Is cuma cén ábaltacht a bhfuil agat, bíonn réimse leathan de ranganna ar fáil gach bliain ag an chúrsa Gaeilge ag Scoil Samhraidh Mhic Reachtain.
Agus muid go fóill i lár na paindéime, níl muid in ann cúrsa Gaeilge a chur ar fáil go fisiciúil in Áras Mhic Reachtain ach buíochas le maoiniú ó Roinn an Phobail, tá muid in ann cúrsa Gaeilge a chur ar fáil ar líne.
Sonraí an chúrsa:
*Beidh an cúrsa ar Zoom nó ar Blackboard. Seolfar an nasc chugat ag tús an chúrsa. Beidh cuntas zoom de dhíth ort le Zoom a úsáíd ach oibríonn blackboard tríd an brabhsálaí gréasáín*
Beidh dhá rang ann gach lá, Luan 26 Iúil go Aoine 30 Iúil, 11am-12pm agus 1pm-2pm.
Beidh Ceithre leibheál ar fáil:
- Bunrang
- Meánrang Íochtarach
- Meánrang Uachtarach
- Ardrang
Beidh an cúrsa seo saor in aisce ach beidh áiteanna teoranta agus beidh ort clárú ar ár tsuíomh idirlíon le freastal ar an chúrsa.


3 comments
An bfuil me ranganna Full? Ta me ag eirigh join meanrang
I would like to sign up for the language week. I’m meanrang uachtarach
GRMA
Anne
Meanrang Iochtarach.
Comments are closed.